zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
16 June 2026
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
16 June 2026
Éamonn Mac Aoidh, cléireach an chúrsa de Rallaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall.
Cuirfear tús le ceann de na himeachtaí spóirt is mó in Éirinn ar an Déardaoin seo nuair a bhéas 200 de chriú ag tabhairt faoi 20 stáid thar 270 ciliméadar i Rallaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall.
16 min
16 June 2026
Seanie Ó Baoill ó Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann.
Labhair Seanie linn faoin togra ‘FARM-Up - Coimín Beo’ a seoladh ag ócáid a bhí ar siul in Ionad Pobail Dhún Lúiche inné.
5 min
16 June 2026
Laura Ní Dhomhnaill Oifigeach Margaíochta agus Turasóireachta in Ionad Cois Locha.
Beidh Trad Tráthnóna ar ais arís i mbliana in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche agus bhí Laura linn le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi na ceolchoirmeacha a bheas ag tarlú i mbliana.
4 min
16 June 2026
Pádraig Ó Beaglaoich Ceannasaí Mol Digiteach le hÚdarás na Gaeltachta.
Labhair Pádraig faoin lá oscailte a bhéas ar siúl in Gteic Ghaoth Dobhair ar an Déardaoin seo.
8 min
16 June 2026
An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh ó Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach.
Inniu labhair John Joe ar an deireadh seachtaine mór atá amach romhainn agus Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar siúl, gur thángthas ar dhrugaí & airgead tirim i ruathar a rinneadh ar thithe i nDún Fionnachaidh agus go bhfuil siad ag fiosrú roinnt eachtraí gadaíochta a tharla sa chontae le seachtain, áit ar goideadh earraí ó charranna.
7 min
15 June 2026
Caoimhe Ní Chonchille ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
15 June 2026
Andy Caomhánach Fear na Riomhairí agus Diarmuid Ua Bruadair príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire.
D’fhógair an Ríocht Aontaithe ar maidin go bhfuil siad le cosc a chur ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi 16 bliana d’aois ó thús na bliana seo chugainn.
13 min
15 June 2026
Joe Ó Dúgáin as Doire Chonaire ó dhúchas.
Beidh Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar siúl ag an deireadh seachtaine agus labhair Joe Ó Dúgáin as Doire Chonaire ó dhúchas, fear a thaisteal abhaile as Glaschú don rallaí agus a bhfuil suim mhór aige sa rallaí, labhair sé linn faoin suim atá aige ann.
15 min
15 June 2026
Caoimhín Ó Casaide, Danny Ó Dónaill agus Emer Ní Ghallachóir.
Tá Caoimhín Ó Casaide, Danny Ó Dónaill agus Emer Ní Ghallachóir linn ar maidin le cluichí an deireadh seachtaine a phlé agus le tarraingt na maidine de bhabhta 3 de Chraobh na hÉireann a phlé fosta.
13 min